Ḃíomaɼ uaiɼ aṁáin i dtúſ an aiɼm ; ḃí na Tuɼcaiġ ag
teiċeaḋ uainn go h-Octakow aguſ ſinne aɼ a dtóiɼ. Ḃíoſ
idtoſaċ maɼ ġeall aiɼ mo ċapall ḃeiṫ go luṫṁaɼ meaɼ.
Iſteaċ ſa gcaṫaiɼ liom aɼ ẛálaiḃ an naṁaid go dtí ceaɼnóg
an aonaiġ. Do ſtadaſ ċum mo ċomplaċt a ḃailiú, aċt, an
gcɼeadfeá é ? Ní ɼaiḃ duine aca ann. Níoɼ ḟéadaſ é a ṫuiſcint.
Pé ſcéal é, ní ɼaḃadaɼ i ḃfad uaim (duḃɼaſ liom féin) aguſ
ní foláiɼ nó ḃeidíſ i n-éineaċt liom gan ṁoill. Ṡeolaſ an
capall go dtí tobaɼ aguſ ṫoſnuig ſé ag ól aguſ ag ſíoɼ-ól
gan aon ſáſtaċt d'ḟáġail, aguſ níoɼḃ aon iongnaḋ é ſin, maɼ
nuaiɼ d'ḟéaċaſ aɼ mo ċúlaiḃ ċonnacaſ go ɼaiḃ a ċoſa deiɼiḋ
imṫiġṫe aguſ leaṫ a ċolann leiſ aguſ go ɼaiḃ an t-uiſge ag
gluaiſeaċt amaċ do ɼéiɼ maɼ d'ólaḋ ſé é gan pioc ṁaiṫiſ
a ḋéanaṁ do'n ainṁiḋe ḃoċt. Ċuaḋaſ aɼ aiſ leiſ go dtí
geata an ḃaile. D'ḟéaċaſ aɼ an bpoɼtculliſ (ſé ſin, doɼuſ
móɼ aguſ bioɼɼa géaɼa fé na ḃun a leigteaɼ anuaſ ċum an
naṁaid a coimeád amaċ aɼ an mbaile). Ḃí ſé dúnta. 'Seaḋ,
níoɼ ṫugaſ fé ndeaɼ ag teaċt iſteaċ dom guɼ leig an
naṁaid anuaſ é, ag baint an taoḃ ṫiaɼ de mo ċapall ; ḃí
|
|
|