Ḃíoſ lá aṁáin ag láṁaċ i láɼ coille nuaiɼ cad a ċífinn
aċt cullaċ allta aguſ cɼáin ag ɼiṫ i ndiaiḋ a ċéile.
Scaoileaſ na dtɼeo aċt níoɼ aimſiġeaſ iad. Do ẛeaſ an
ċɼáin maɼ ſin féin, aguſ d'ḟan gan ċoɼ aiſte an ḟaid iſ a
ḃí an cullaċ ag ɼiṫ le n-a anam. Ċuaḋaſ fé ḋéin na cɼánaċ
aguſ iſ aṁlaiḋ a ḃí ſí dall, aoſta, aguſ leaṫ d' eaɼball
na muice eile 'na béal aice. 'Seaḋ, ḃí gɼeim aice aɼ eaɼball
a bainḃ féin aguſ ḃí ſeiſean ag tɼeóɼú a ṁáṫaɼ ḋall tɼíd
an gcoill. Nuaiɼ do ẛcaoileaſ fúṫa do ḋeineaſ ḋá leaṫ
de'n eaɼball tɼeoiɼiġṫe, aguſ, áɼ ndóig, nuaiɼ ná ɼaiḃ a mac
á taɼɼaint, do ſtad an ſean-ċɼáin. Rugaſ aɼ an leaṫ-
eaɼball a ḃí 'na béal aguſ ṫáinig ſí aḃaile liom go ſocaiɼ
aguſ gan aon ċuɼ i m'aġaiḋ.
D'á olcaſ iad na muca allta ſan, tá na cullaiġ níoſ
meaſa aguſ níoſ niṁniġe. Caſaḋ ceann aca oɼm lá aṁáin
a ḃíoſ ſan gcoill aguſ gan aon aɼm teine ná úiɼliſ coſanta
agam. Riṫeaſ laſtiaɼ de ċɼann daɼaiġe díɼeaċ nuaiɼ a ḃí
|
|