Ba ṁaiṫ an t-eaċ é aguſ ċuiɼ ſé de go tapaiḋ, act nuaiɼ
ċuaḋaſ níoſ ſia iſteaċ ſa dtíɼ, fuaɼaſ amaċ náɼḃ é nóſ na
ndaoine ſa ndúṫaiġ ſin maɼcuiġeaċt aɼ ṁuin ċapaill ſan
ġeiṁɼeaḋ. Ó'ſ ɼud é go leanaimſe nóſ na tíɼe 'na mbím i
gcoṁnuiḋe, ċeannuiġeaſ ſlé ċapaill aguſ ṫugaſ aġaiḋ aɼ
Ċaṫaiɼ Ṗeadaiɼ ſa móḋ iomċuiɼ ſin.
Ag gaḃáil tɼí ċoill ṁóiɼ dom, ṫugaſ fé ndeaɼa go ɼaiḃ
mactíɼe uatḃáſaċ ag teaċt im' ḋiaiḋ aguſ go ɼaiḃ ſé ag
bɼeiṫ ſuaſ liom ; é go fíoċṁaɼ fiaḋán, lonnɼaḋ an ġoɼta
'na ẛúiliḃ aguſ an cɼaoſ-deaṁan iſtiġ ann le h-ocɼaſ an
ġeiṁɼiḋ. Níoɼ ḟéadaſ éalóḋ uaiḋ aguſ ba ġeaɼɼ go dtáinig
ſe ſuaſ liom. Do luiġeaſ ſiaɼ ſan ſlé aguſ ṫugaſ cead a
ċoſ do'n gcapall. Iſ beag coinne a ḃí agam le n-aɼ ṫuit
amaċ 'na ḋiaiḋ ſin. Ṫáinig an mactíɼe aċt má ſeaḋ ní ḟaca
ſé miſe. Ṫug ſé léim ṫaɼm aguſ ṫoſnuiġ aɼ ceaṫɼaṁain
ḋeiɼiḋ mo ċapaill ḃoiċt do ſtɼacaḋ aguſ d'alpaḋ. D'áɼd-
uiġeaſ mo ċeann go mall ɼéiḋ aguſ ċonnacaſ an ɼaḋaɼc
|
|