<<<<   GORT AN ÓIR   >>>>

AN EASCÚ

  Is beag aḃa ná loċ ná díog uisce ná bíonn
eascoin ann. Is minic a ċítear iad i bpoll
uisce i lár páirce, poll ná bíonn sruṫán ná
lintéir uaiḋ go haḃainn.
  Tagann na heascoin i ngan ḟios agus
imíonn siad i ngan ḟios. Ḃeidís i bpoll
i lár páirce inniu. Amáraċ ḃeidís imiṫe fé
mar a ṡlogfaḋ an talaṁ iad.
  Cad as go dtagann siad? Cá n-imíonn
siad? Ní raiḃ ḟios san ag éinne go dtí le
déanaí. Deireaḋ daoine fadó dá gcuirṫeá
ribe gruaige i bpoll uisce go ndéanfaḋ
eascú ḋe. Níl san fíor.
  Ón ḃFarraigeṀóir a ṫagann na heascoin.
Bíonn siad trí bliana d’aois nuair a ṫagann
siad. Snáṁann siad leo suas na haiḃne
móra agus na haiḃne beaga, na sruṫa agus
na sruṫáin.
  Bíonn ḟios acu, ar ċuma éigin, cá mbíonn
na loċa agus na linnte uisce. Tagann siad
amaċ as na haiḃne. Téann siad ṫar talaṁ
tirim,  ṫar páirceanna, ṫar goirt agus ṫar
claṫaċa nó go sroiċeann siad na háiteanna
is roġa leo. San oíċe a ṫagann siad agus
san oíċe a imíonn siad.


69