<<<<   GORT AN ÓIR   >>>>

SOLAS NA GEALAÍ

Amaċ i lár na hoíċe,
Nuair a ḃíonn an saol ina luí,
Bíonn coirm ċeoil is rince
Is daṁsa ag na sí.
Bíonn iṫe agus ól acu,
Fíonta is brioscaí,
Is mórán eile spóirt acu
Le solas na gealaí.

Bíonn na hísle is na huaisle,
An ḃanríon is an rí,
Is píobaire ag seinnm dóiḃ
Na ceolta gleoite sí.
Ní ḃíonn brón ná buairt ar éinne acu,
Aċ meiḋir agus gáirí,
Ba ḃreá liom ḃeiṫ ag súgraḋ leo
Le solas na gealaí.

Ansan ar ṫeaċt na maidne,
Roiṁ breacaḋ an lae imíd,
Do ċloisfeá iad ag greadaḋ leo
Mar ḋuille leis an ngaoiṫ,
Bíonn siad ina gcodlaḋ
Nuair a ḃíonn an saol ina ṡuí,
Aċ tagann siad amaċ arís
Le solas na gealaí.

                           Míċeál Ó Donnċaḋa.


60