<<<<   GORT AN ÓIR   >>>>

AN BACAĊ AGUS A ḂEAN

  Ḃíoḋ bacaċ agus a ḃean ag iarraiḋ déirce
fén dtuaiṫ. Ṫug bean feirmeora galún
bainne ḋóiḃ, lá.
  Ḃí tuirse orṫu i ndeireaḋ an lae agus
ṡuíodar síos ar ṫaoḃ an ḃóṫair ċun a scíṫ
do ligint.
  “ Is boċt an scéal againn é !” arsa an
fear. “ Táimid ag siúl na dúṫaí ó ṁaidin
agus gan againn dá ḃarr aċ an galún beag
bainne seo.”
  “Ná bí ag cnáiṁseáil,” arsa an ḃean.
“Féaċ,” ar sise, “díolfaimid an galún
bainne seo agus ceannóimid cearc.
  “ Béarfaiḋ an ċearc uiḃe agus cuirfimid
na huiḃe ar gor. Beiḋ ál sicíní ansan
againn. Nuair a ḟásfaiḋ na sicíní béarfaiḋ
siad mórán uḃ.
  “ Díolfaimid na huiḃe agus ceannóimid
lao. Nuair a ḟásfaiḋ an lao beiḋ lao eile
aici. Ní fada go mbeiḋ tréad mór bó
againn.
  “ Tógfaimid tiġ mór agus beiḋ na huaisle
ag teaċt ar dinnéar ċugainn. Beimid go
maiṫ do na boiċt.  .  .  .”
  Ṗreab an fear.


26