<<<<   DRÉIMIRE AN LÉIĠINN   >>>>
MISE AN LEAḂAR

  Is mise an leaḃar nua agus tá súil agam
go ḃfuil fáilte agat róṁam.
  Sara dtáinig mé annso ḃí mé i siopa ṁór
i mBaile Áṫa Cliaṫ.  Ḃuail an múinteoir seo
agaiḃ-se isteaċ ann lá.
  Ḃí sé ag cainnt le fear an tsiopa agus ag
féaċaint ar na leaḃair go léir.  Tar éis
tamaill do rug fear an tsiopa orm-sa agus
ar mo ċompánaiġ, agus ċuir sé i mbeart
sinn.  Do rug an múinteoir an beart leis.
  Ċuir sé an beart sa ċoṁrainn sin ṫall
maidin Dé Luain.  Ní raiḃ ḟios agaiḃ-se cad
a ḃí ann.  Aċ ḃí an páipéar stracṫa agus ḃí
mise ag breaṫnú oraiḃ.  Is iomḋa cleas a 
imreann siḃ nuair ná bíonn an múinteoir i 
láṫair.  Aċ ní scéiṫfiḋ mise oraiḃ.
  Ċuala mé scoláire á ráḋ go raḃas ró-ḋaor.
Tá gaċ rud daor anois, a ċroiḋe, agus
geallaim duit gur maiṫ is fiú an t-airgead mé.


5

Focal: © Rialtas na hÉireann, AFOST.