<<<<   DRÉIMIRE AN LÉIĠINN   >>>>
SEANA-ṪAḊG

  Tá Seana-Ṫaḋg críon caiṫte anois.  Ní haon
iongnaḋ é sin mar tá sé ag druidim le 
hoċtṁaḋ bliaḋain d' aois.  Ag taisteal ó ṫír
go tír a ċaiṫ Seana-Ṫaḋg a ṡaoġal mar ḃí sé
'na ṁairnéalaċ ar feaḋ seasca bliaḋain.  Ċaiṫ sé
tréiṁse ins na críoċa fuara agus tréiṁse eile
ins na críoċa teo.  Aċ deireann Seana-Ṫaḋg
nár casaḋ riaṁ air daoine a ḃí ċoṁ fial
flaiṫeaṁail le muintir na hÉireann.
  Nuair d'éiriġ Seana-Ṫaḋg ró-aosta ċun ḃeiṫ
ag taisteal ċeannuiġ sé tiġ beag cluṫṁar dó
féin i nGleann na Sméar.  Is iomḋa eaċtra 
a d'aiṫris Taḋg do ṁuinntir an Ġleanna ó
ċuir sé fé ann cúpla bliaḋain ó ṡoin.
  Aċ is leis na páistí scoile is fearr leis ḃeiṫ
ag cainnt.
  "Cuireann siad i ḃad níos mó suime im'



48

Focal: © Rialtas na hÉireann, AFOST.