<<<<   DRÉIMIRE AN LÉIĠINN   >>>>
ÓRÓ 'SÉ DO ḂEAṪA AḂAILE

'Sé do ḃeaṫa, a ḃean ba léanṁar,
Do b'é ár gcreaċ tú ḃeiṫ i ngéiḃeann,
Ar ndúṫa ḃreáġ i seilḃ méirleaċ
Is tú díolta leis na gallaiḃ.
 
  Óró 'sé do ḃeaṫa aḃaile,
  Óró 'sé do ḃeaṫa aḃaile,
  Óró 'sé do ḃeaṫa aḃaile,
  Anois ar ṫeaċt an tsaṁraiḋ.

Tá Gráinne Ṁaol ag triall ṫar sáile,
Óglaiġ armṫa léi mar ġárda,
Gaeḋil iad féin, ní Gaill ná Spáinniġ,
Is cuirfiḋ ruaig ar ġallaiḃ.

A ḃuiḋe le Dia na ḃfeart má ḋearcam
Cé naċ beo 'n-a ḋeóiḋ dúinn seaċtṁain--
Gráinne Ṁaol is míle gaisciḋeaċ
Ag fógairt fáin ar ġallaiḃ.



36

Focal: © Rialtas na hÉireann, AFOST.