<<<<   DRÉIMIRE AN LÉIĠINN   >>>>
AG BAILIÚ SMÉAR

  Bliaḋain ṁaiṫ i gcóṁair sméar í seo.  Tá
na driseoga ag lúbaḋ fé'n ualaċ díoḃ atá ag
fás orṫa.  Is mór an dúil atá againn sa tsuḃ
agus ní i gcóṁnaiḋe a ḃíonn sé le faġáil sa
tsiopa.
  "Má ḃailiġeann siḃ roinnt sméar déanfaiḋ
mé cúpla púnt suḃa," arsa Mam leis na
páistí tráṫnóna aṁáin.
  "Aċ ċeap mé ná raiḃ aon tsiuicre agat,"
arsa Daid.
  "Tá gráinnín curṫa i dtaisce agam," arsa
Mam.  "Is maiṫ an scéal nár leag tusa 
láṁ air."
  "Tá fiacal ana-ṁilis ag Daid, tá ḟios agat.
  Tráṫnóna Dé Doṁnaiġ d'imṫiġ Seán agus
Síle ag bailiú na sméar.  Ḃí canna stáin ag 
Seán agus bosca ag Síle.
  Nuair ṫáinig siad go dtí áit 'na raiḃ na
sméara ag fás go tiuġ ċrom siad ar iad a


17

Focal: © Rialtas na hÉireann, AFOST.