<<<<   DRÉIMIRE AN LÉIĠINN   >>>>

  "Siúinéir," arsa Máire.
  "Ó, ní heaḋ in aon ċor," ars' an múinteoir,
  "naċ é sin an fear a ḋeineann troscán?"
  "'Sé," arsa Máire, aċ ní raiḃ freagra na
ceiste aici.
  D'éiriġ le gaċ cailín eile a ceist féin
d'ḟreagairt.  Ḃí an tarna baḃta aca annsan
agus ċuir an múinteoir ceist níos deacra ar
gaċ cailín.  Ba ḋeacra fós an treas baḃta.
I ndeire na dála ḃí beirt ar aon ṁarc.  Do
lean an múinteoir ag cur ceisteanna orṫa go
dtí go raiḃ an ḃuaiḋ ag cailín aṁáin.  B'í
Eiḃlín Ní Ṁórḋa a ġnoṫuiġ an duais.  Fuair
sí leaḃar deas agus ba ṁór an lúṫġáir a ḃí
uirṫi.


11

Focal: © Rialtas na hÉireann, AFOST.